Search

Seachtain na Gaeilge

Nach iontach an rud é go bhfuil ár dteanga féin againn má labhraítear achan lá í nó ó am go chéile is cuma mar tá sí inár seilbh againn mar Tír bhródúil. Is linn an ár dteanga féin.

Is seachtain faoi leith í seo Seachtain na Gaeilge. Is deis iontach í an Ghaeilge a chleachta sna ranganna Gaeilge, ach níos mó ná sin, taobh amuigh de na ranganna sna dorclaithe na scoile.
 

Bainigí trial as cúpla abairt a rá le bhur gcairde féin.

Seo thíos cúpla paidir chun rang a thosnú agus roinnt dánta suimiúla ó mo pheann féin.

Go n’éirí an bothar libh go léir. Bígí bródúil as ár naitheantas ghaelach.

Lloyd O’Breacáin CEIST

Paidreacha 

'Dréimire Pharthais is í an phaidir…

Beannú an Tí

Go mbeannaí Dia na teach seo óna bhun go dtí a bharr,
Go mbeannaí sé gach fardoras, gach cloch is gach clár,
Go mbeannaí sé an teallach, an bord ar a leagtar bia,
Go mbeannaí sé gach seomra i gcomhaí sámhchodladh na hoíche.
Go mbeannaí sé an doras a osclóimid go fial
Don strainséar is don bhochtán chomh maithe is dár ngaol,
Go mbeannaí sé na fuinneoga a ligeann dúinn an léas
Ó sholas geal na gréine, na gealaí is na réalta,
Go mbeannaí sé na frathacha in airde os ár gcionn
Is fós gach balla daingean atá ár dtimpeallú inniu.
Go bhfana síocháin dá réir sin dár gcomharsana, cion is grá.
Go mbeannaí Diat an mhuirear seo agam agus choimhéad ó bhaol,
Is go stiúra sé sinn uile go dtí a ríbhrú féin.

(Ní fhios cé cum)

Gan Tusa a Thiarna Íosa
Ní féidir liom suí ná siúil,
Ní féidir liom labhairt ná léamh
Gan chabhair uait féin a Rúin.
Fan liom, fan liom, i gcónaí,
Ná fág mé nóiméad liom féin.
Sín chugham do láimh a Chara
‘S a Mhaoin mo chléibh.
 

 

 

Mórann m'anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d'ardaigh sé daoine ísle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe fónta,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire -
de réir mar gheall sé dar n-aithreacha -
d'Abrahám agus dá shliocht go brách. Amen

A Mhuire na nGrást

A Mhuire na nGrást
A Mháthair Mhic Dé
Go gcuire tú ar mo leas mé
Go sábhála tú mé idir anam is corp
Go sábhála tú mé ar muir is ar tír
Go sábhála tú mé ar lic na bpian
Gárda na nAingil os mo chionn
Dia romham is Dia liom.

Lúireach Phádraig

Críost liom, Críost ionam,
Críost romham, Críost i mo dhiaidh.
Críost faoim, Críost os mo chionn,
Críost ar mo láimh dheis, Críost ar mo láimh chlé,
Críost ar mo shuí, Críost ar mo luí,Críost ar m'éirí,

Críost i gcroí achan duine a smaointíos orm,
Críost i mbéal achan duine a labhras liom,
Críost i ngach súil a dhearcas orm,
Críost i ngach cluas a éisteas liom.

 

 

Fáilte an Aingil

Tháinig aingeal an Tiarna le scéala chun Muire,
Agus gabh sí ón Spiorad Naomh.
‘Sé do bheatha, a Mhuire, etc.
Féach mise banóglach an Tiarna, Déantar liom de réir d’fhocail.
‘Sé do bheatha, a Mhuire, etc.
Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna, agus chónaigh sé inár measc.
‘Sé do bheatha, a Mhuire, etc.
Guigh orainn, a Naomh-Mháthair Dé, Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost.
Guímis
Dóirt anuas, impímid, a Thiarna, do ghrásta inár gcroíthe, ionas,
Sinne a fuair fios, trí scéala an aingil,
Ar theacht Íosa Críost do Mhac i gcolainn dhaonna, go dtiocfaimis,
Trí luaíocht a pháise agus a chroise, chun glóir a aiséirí.
Tríd an gCríost céanna ár dTiarna. Amen.
 

Go bhfana cabhair Dé againn de shíor. Agus go bhfaighe anamacha na bhfiréan suaimhneas síoraí trí thrócaire Dé. Amen.
 

Véarsaíocht

Seo dán a scríobh mé tar éis rud iontach is scanrúil a fheiceáil ar scoil. Bhí garsúin i dtrioblóid. Ní triblóid ó thaobh droch iompair atá i gceist agam in aon chor ach trioblóid ó thaobh a chuid sláinte. Comh súil le roinnt mhaith daoine eile bhí ‘Asthma’ aige. Is tinneas dáiríre é. Chuaigh an eachtra seo i bhfeidhm go mór orm. Thuig me ansin bh’féidir don chéad uair go rud fíor luachmhar é an anáil agus dá bhrí sin an saol. Ní féidir linn maireachtáil nuair nach féidir linn anáil a dhéanamh. Gabh buíochas do Dhia a thosaigh an Cruthú iomlán lena hanáil féin uile chuamhachtach. 

Ventolin S.O.S. Lloyd Ó’Breacáin 

Glaoch callaire ar chúnamh.
Ventolin – anáil an tsaoil – de dhíth.
De ruathar mear d’fhreagraíodar,
Lucht asthma.
Le hanálathóir gorm i ngach láimh acu,
Tuiscint domhain i ngach intinn is croí,
Blais taithí na péine ar gach aghaidh óg,
Scanradh an bháis i ngiorracht scread asail go síoraí.

Ba chuma cé hé, cara nó namhaid.
Beatha nó bás a bhí i gceist.
Níl aon ní eile níos tabhachtaí.
Tarlaíonn tubaistí mar is eol do chách
Idir óg is críonna i gcónaí.

Chuaigh an dream seo i bhfeidhm orm,
Go ceartlár mo chroí,
Gan choinne.
Teagmháil leis an bhfírinne lom ab ea é.
Rian daonachta,
Comhartha tuisceana goilliúnach,
Taispeántas trocaire tógálach
Ar dorchlaithe na scoile.
A leithéid, ní chífí ró-mhinic.

Ach i measc na gruaime
Is na drámhaíle
Maireann an grá geal
Ag faire na hocáide chun lonradh. 
 

Nuair a léifidh sibh an dán seo beidh sibh ag ceapadh nach athair mhaith mé in aon chur ach amadán den scoth agus beidh an cheart agat. ‘Sé cúlra don scéal seo ná faoin am a ndeachaigh mé ag siopadóireacht chuig an Chearnóg Tamhlachta. Bhíos liom féin le mo bheirt mhac mar bhímo chéile ar turas scoile that lear. Bhíomar soar ár mbeartanna féin a dhéanamh. Shocraigh mé dul chuig Mc Donald’s ar dtús agus ina dhiaidh sin dul ag siopadóireacht. Nuair a shroicheamar an t-Ionad Siopadóireachta bhí Eoin ina chodladh sámh. Bhrisfeadh sé mo chroí dá mhúsclóinn é as a chuid brionglóidí lácha. D’fhág mé ann sa charr, sa charr chlós, ag rá liom féin go mbeinn ar ais sula n’éireodh sé. Ní raibh. Ochón ochón! Nuair a tháinig ar ais ní raibh sé sa charr. Ní raibh tásc ná tuairisc air. 

Goite as Amharc le Lloyd Ó’Breacáin.

Goite,
Ní féidir liom mo chuid shúile a chreidiúint
Goite, gan tásc gan tuairisc
gan rian gan chomhartha.
Mó mhacsa, mo storing,
M’fhearín bídeach
Dhá bhliain d’aois.
Cad a dhéanfainn?
Bhíos neamhchumasach,
Thit an lug ar an lag orm
Mo mhac caillte in ollmhargadh,
Cár chlós plódaithe,
Ní raibh duine ná deoraí ann
chun mé a chabhrú
Imithe óna a mhuintir
is a lucht aitheantais,
Bhíos as anáil
is as mo cheann
le sceon is faitíos
is sár imní orm.
Cá raibh mo chlisteacht anois
ar an lá ghrianmhar siúd
Cá raibh mo chríonnacht?
Easpa feasa is easpa céile
Ag an dtuismitheoir seo.
Amadán-tuiste den scoth.
Ach tháinig sé ar ais
I mbaclainn na noibrithe ollmhargaidh.
‘Mea culpa’, d’admhaíos go croíúil.
Maith mé! Thiománas abhaile
É gar do mo bhrollach bhriste,
Mo mhac mo mhaoin.

Giota as na Scriptiúirí: 

‘Agus nuair a bhí sé ina dhá bhliain déag, chuaigh said suas de réir an nóis, agus nuair a bhí comóradh na féile thart, agus iad ar a mbealach abhaile, d’fhan an macaomh Íosa ina ndiaidh in Iarúsuailéim.
Níorbh fheasach sin dá thuismitheorirí, ach is amhlaidh a chuaigh siad aistear aon lae amháin, ag síleadh gur leis an gcuideachta é, agus iad á thóraíocht i measc a ndaoine muinteartha agus a lucht aitheantais; agus nuair a theip orthu a fháil, d’fhill said go hIarúsailéim ar a thuairisc… Agus bhíodh Íosa ag méadú in eagnaíocht agus in airde, agus gnaoi dé agus daoine air’.