Search

3 Chraobh na hÉireann do Choláiste Chroí Mhuire

B’iad Coláiste Chroí Mhuire an taon scoil sa tír ar bronnadh an phríomhdhuais orthu i dtrí chatagóir éagsúil i gcraobh na hÉireann don Fhéile Scoildrámaíochta a bhí ar siúl sa Mhuillean gCearr an tseachtain seo caite.

D’éirí le lucht idirbhliana na scoile a gcatagóir féin, Comórtas 11, a thabhairt leo chomh maith le an ngradam don Léiriú is Fearr ar Nuadhráma don dráma ‘Ceann Scríbe’.

Bronnadh mórdhuais Banaisteoir na Féile ar Róise Nic Dhonnagáin as a cuid aisteoireachta sa dráma – duais a fuair sí sa gcraobh réigiúnach chomh maith.

Dráma nua scríofa a bhí i gceist le ‘Ceann Scríbe’ a chum an léiritheoir Bróna Ní Uallacháin, múinteoir sa scoil, i dteannta lucht na hIdirbhliana.

Bhí na scoláirí iad féin ríméadach aitheantas chomh mór a fháil ar an dráma comhaimseartha a chuir siad le chéile.

Bronnfar na duaiseanna i bPáirc an Chrócaigh ar an gCéadaoin, 17 Bealtaine, ag 1.30in. Comhghairdeachas ó chroí leo ar fad, táimid ar fad thar a bheith bródúil astu.