Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal

colaiste-chroi-mhuire

Is iad ár gcuid daltaí is fearr le cur síos a dhéanamh ar an scoil s’againne, mar sin, seo mar a fheiceann Coiste Cucci Gaeilge an scoil a bhfuil muid chomh bródúil aisti.

“Is scoil bríomhar, spreagúil í Coláiste Chroí Mhuire atá lonnaithe i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Tá muid bródúil as an suíomh lán Ghaeilge atá againn anseo sa scoil agus tuigeann muid go bhfuil an t-ádh orainn pobal óg díograiseach de dhaltaí Gaeltachta a bheith againn. Tá féiniúlacht oidhreachta agus chultúrtha fíor speisíalta againn sa scoil agus sa gceantar agus tá súil againn leanúint ag spreagadh muinín, misneach agus bród i nglún óg na Gaeltachta faoi mar atá déanta againn le hos cionn 70 bliain”

Is muidne Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal, scoil ina bhfuil ardchaighdeán oideachais  á chur ar fáil tré mheán na Gaeilge ó 1947.

Is cinnte go bhfuil cáil ar an scoil s’againne mar scoil le hardchaighdeán teagaisc, foghlama agus torthaí sna scrúduithe stáite. Ach, ar ndóigh, creideann muid nach bhfuil sa taobh acadúlachta ach gné amháin de shaol na scoile. Fadó, le linn an Ghorta Mhóir, bhí foirgneamh san áit a bhfuil an scoil ag seasamh anois. Teach díleachta a bhí ann, do na gasúir ar fágadh iad gan tiuismitheoirí de bharr an Ghorta agus galar. An Nead an t-ainm a bhí ar an bhfoigneamh sin, agus is maith linn ceapadh go bhfuil muid fós ag tabhairt aire na huibhe do na daoine óga atá faoinár gcúram.

Chomh maith le cúrsaí acadúlachta, freastalaíonn muid ar an spórt, ar ár dteanga agus ar ár gcultúr agus oidhreachta. Tá go leor gradaim acadúlachta, díospóireachta, drámaíochta agus aistriúcháin bainte amach againn le blianta beaga anuas. Tá muid mar chuid den Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta agus ba chúis bróid dúinn a bheith ar an gcéad scoil sa tír a bhí i ndaiadh an aitheantais a bhaint amach.

Bhunaigh Siúracha na Trócaire an scoil s’againne i 1947 agus tá muid buíoch don éacht a rinneadar. Tuigeann muid go bhfuil muid ag seasamh ar ghuaillí fhathaigh ár sinsir, agus muid ag cabhrú lenár ndaoine óga barr a gcumas a bhaint amach i ngach gné dá gcuid saolta.

 

News from Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal

28 Jan 2019
GAILEARAÍ: Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne seaimpíní díospóireachta na hÉireann

Is iad Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil curaidh chraobh shinsir na hÉireann 2019. D’éirigh leo aréir i gcomórtas…

Read More