Craobh Réigiúnach Comórtas Clár na gComhlachtaí

Comórtas Clár na gComhlachtaí, Scoileanna na Gaillimhe, 2018.

Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad ón Idirbhliain a ghlac páirt sa chomórtas fiontraíochta seo atá eagraithe ag Údarás na Gaeilge i dteannta le Junior Achievement Ireland. D’éirigh le grúpa amháin s’againne (Comhlacht ar a thugtar “Mo Bhaile Fearainn”) agus grúpa ó Choláiste Ghobnait, Inis Oirr an chéad áit a bhaint amach.

Is iad Aisling Ní Chonghaile, Khaliun Flynn, Kate Scott, Aoibhín Nic Dhomhnaill, Áine Ní Laoi, Róisin Ní Dhiomsaigh, Siobhán Ní Neachtain agus Katie Mullarkey atá i mbun an chomhlachta “Mo Bhaile Fearainn”.

Tá pictiúr don táirge le feiceáil thíos. Buíochas le Mairéad Uí Dhiollúin a dhéanann an oiread oibre gach uile bhliain ag ullmhú don chomórtas fiontraíoctha seo. Maith sibh ar fad!

Bhí daltaí as Scoil Phobail Mhic Dara, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste na Coiribe, Coláiste Bhaile Chláir in iomaíocht leo.